|
+Airteagal 35a 12. |
Airteagal 35a 12.Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35(4) agus Airteagal 70(3), ciallaíonn ‘údaráis eile’ aon cheann de na húdaráis seo a leanas:
(a)
an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;
(b)
an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;
(c)
an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;
(d)
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
(e)
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
(f)
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), den Rialachán seo;
(g)
na húdaráis arb iad an sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 14 );
(h)
an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );
(i)
údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3), de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 );
(j)
an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 );
(k)
maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ). Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|