+Airteagal 35b 1.

Airteagal 35b 1.

Faoin 11 Samhain 2030, ullmhóidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i ndlúthchomhar le BERS, BCE, ÚCSA, BRA, leis na húdaráis inniúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, tuarascáil ina gcuirtear roghanna i láthair chun éifeachtúlacht bhailiú na sonraí maoirseachta san Aontas a fheabhsú. Ag cur le hobair earnálach ÚMEnna ar thuairisciú a chomhtháthú, soláthrófar staidéar indéantachta sa tuarascáil sin, lena n-áirítear measúnú ar na tionchair, na costais agus na tairbhí a ghabhann le córas tuairiscithe comhtháite trasearnála agus, bunaithe ar an staidéar indéantachta sin, cuirfear treochlár i láthair chun an córas sin a chur chun feidhme.

Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

foclóir coiteann sonraí, lena n-áirítear stór ceanglas tuairiscithe agus nochta, lena n-áirithítear comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí; agus

(b) 

spás sonraí chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú.

Agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur san áireamh agus tar éis measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, togra reachtach a thíolacadh chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá chun an córas tuairiscithe comhtháite a bhunú a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.