Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin cur chun feidhme theicniúla, agus, a mhéad nach mbaineann siad le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar an eolas a luaithe is féidir.
Tiocfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí le chéile ceithre huaire ar a laghad in aghaidh na bliana.