+Airteagal 37 An Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 3a.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.

Airteagal 37 An Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.

Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin cur chun feidhme theicniúla, agus, a mhéad nach mbaineann siad le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar an eolas a luaithe is féidir.

Tiocfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí le chéile ceithre huaire ar a laghad in aghaidh na bliana.

Airteagal 37 2.

Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Is éard a bheidh sna comhaltaí sin:

(a) 

13 a dhéanfaidh ionadaíocht chothrom ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn san Aontas;

(b) 

13 a dhéanfaidh ionadaíocht ar ionadaithe fostaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn san Aontas, ar thomhaltóirí, ar úsáideoirí seirbhísí airgeadais agus ar ionadaithe FBManna; agus

(c) 

acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh in ceathrar dá chomhaltaí.

Airteagal 37 3.
Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, a áirithiú go ndéanfar léiriú iomchuí ar an éagsúlacht in earnáil na n-urrús agus na margaí, ar chothromaíocht tíreolaíochta agus inscne agus ar ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí.
Airteagal 37 3a.
Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a thoghfaidh Cathaoirleach as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

Airteagal 37 4.

Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá don Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí agus áiritheoidh sé go mbeidh a tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ( 19 ) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse ceithre bliana agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

▼B

Féadfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.

Airteagal 37 5.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí comhairle a thabhairt don Údarás ar aon saincheist a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus iad ag díriú go háirithe ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 32.

I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚMEnna faoi Airteagal 56 maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.

Airteagal 37 6.
Glacfaidh an Grúpaí Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.
Airteagal 37 7.
Poibleoidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a cuireadh comhairle agus torathaí ó na comhairliúcháin san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.