Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá don Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí agus áiritheoidh sé go mbeidh a tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (
19
) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse ceithre bliana agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.
▼B
Féadfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.