+Airteagal 45 Comhdhéanamh
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
|
Airteagal 45 Comhdhéanamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Ar an mBord Bainistíochta, beidh an Cathaoirleach agus seisear comhaltaí ón mBord Maoirseoirí, arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin. Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.
|
|
Airteagal 45 2.
|
Dhá bhliain go leith a mhairfidh téarma oifige na gcomhaltaí a dtoghfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Féadfar síneadh a chur leis an téarma sin aon uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta inscne-chothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.
|
|
Airteagal 45 3.
|
Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|