+Airteagal 8 Risíochtaí ar phriacal creidmheasa, ar phriacal caolúcháin agus ar cháilíocht creidmheasa a nochtadh
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.

Airteagal 8 Risíochtaí ar phriacal creidmheasa, ar phriacal caolúcháin agus ar cháilíocht creidmheasa a nochtadh

Risíochtaí ar phriacal creidmheasa, ar phriacal caolúcháin agus ar cháilíocht creidmheasa a nochtadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.

Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 435 agus 442 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh mar a leanas:

(a) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 435(1), pointí (a) (b), (d) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as tábla EU CRA d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(b) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 442, pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as tábla EU CRB d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(c) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 442, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CQ3 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(d) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 442, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CR1-A d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(e) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 442, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CR2 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Airteagal 8 2.
Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 442, pointí (c), (e) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh trí úsáid a bhaint as teimpléid EU CR1, EU CQ1, agus EU CQ7, colúin a, c, e, f agus g de theimpléad EU CQ4, agus colúin a, c, e agus f de theimpléad EU CQ5, a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.
Airteagal 8 3.
Institiúidí móra a bhfuil cóimheas acu idir oll-luach de réir na leabhar de na hiasachtaí agus de na hairleacain a thagann faoi Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus oll-luach iomlán de réir na leabhar de na hiasachtaí agus na hairleacain a thagann faoi Airteagal 47a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá cothrom le 5 % nó os a chionn, le cois na dteimpléad agus na gcolún dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 442, pointí (c) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh trí úsáid a bhaint as teimpléid EU CR2a, EU CQ2, EU CQ6 agus EU CQ8, agus colúin b agus d de theimpléid EU CQ4 agus EU CQ5 a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán tríd na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI a leanúint. Déanfaidh siad an fhaisnéis sin a nochtadh ar bhonn bliantúil.
Airteagal 8 4.
Chun críocha mhír 3, na hiasachtaí agus na hairleacain atá á n-aicmiú mar shócmhainní atá á sealbhú lena ndíol, airgead ar láimh ag bainc cheannais agus taiscí éilimh eile, déanfar iad a eisiamh ón ainmneoir agus ó uimhreoir an chóimheasa.
Airteagal 8 5.
Cuirfidh institiúidí tús le nochtadh i gcomhréir le mír 3 i gcás ina bhfuil an tairseach 5 % dá dtagraítear sa mhír sin sroichte nó sáraithe acu in dhá ráithe as a chéile le linn na gceithre ráithe roimh dháta tagartha maidir le nochtadh. Maidir leis an dáta tagartha sa chéad nochtadh, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh trí úsáid a bhaint as na teimpléid dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíonann siad an tairseach 5 % ar an dáta tagartha sin maidir le nochtadh.
Airteagal 8 6.
Ní bheidh oibleagáid a thuilleadh ar institiúidí nochtadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 3 i gcás ina dtitfidh siad faoi bhun na tairsí 5 % le linn trí ráithe as a chéile i rith na gceithre ráithe roimh an dáta tagartha maidir le nochtadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0637
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.