|
+Airteagal 11 Úsáid an chur chuige IBR maidir le priacal creidmheasa |
Airteagal 11 Úsáid an chur chuige IBR maidir le priacal creidmheasaAirteagal 11 Úsáid an chur chuige IBR maidir le priacal creidmheasa Na hinstitiúidí a dhéanann méideanna neamhchosanta ualaithe a ríomh ó thaobh priacail faoin gcur chuige IBR, nochtfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 438 agus 452 agus in Airteagal 453, pointí (g) go (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 452, pointí (a) go (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as tábla EU CRE agus teimpléad EU CR6-A d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(b)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 452, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CR6 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 453, pointí (g) agus (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléid EU CR7-A agus CR7 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(d)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CR8 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(e)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 452, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléid EU CR9 agus EU CR9.1 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|