|
+Airteagal 18a 1. |
Airteagal 18a 1.Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh mar a leanas:
(a)
faisnéis cháilíochtúil faoi rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais trí úsáid a bhaint as táblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(b)
faisnéis chainníochtúil faoi riosca aistrithe an athraithe aeráide trí úsáid a bhaint as Teimpléid 1 go 4 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(c)
faisnéis chainníochtúil faoi rioscaí fisiceacha an athraithe aeráide trí úsáid a bhaint as Teimpléad 5 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(d)
faisnéis chainníochtúil faoi na gníomhaíochtaí maolaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) i leith na gcontrapháirtithe sin atá faoi réir Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), i leith teaghlach, agus i leith rialtais áitiúla dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(b), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ( 3 ) ón gCoimisiún, trí úsáid a bhaint as Teimpléid 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(e)
faisnéis chainníochtúil faoi ghníomhaíochtaí maolaithe agus risíochtaí eile ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide nach gcáilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ach a thacaíonn le contrapháirtithe sa phróiseas aistrithe nó oiriúnaithe chun na cuspóirí um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach, trí úsáid a bhaint as Teimpléad 10 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|