+Airteagal 18a 2.

Airteagal 18a 2.

Féadfaidh institiúidí a roghnú faisnéis chainníochtúil a nochtadh faoi ghníomhaíochtaí maolaithe agus risíochtaí ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, i leith contrapháirtithe ar corparáidí neamhairgeadais iad dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(e) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 19a nó in Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE agus nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún ( 4 ), trí úsáid a bhaint as Teimpléad 9 d’Iarscríbhinn XXXIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XL a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Chun céatadán na risíochtaí ar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (risíochtaí atá ailínithe le tacsanomaíocht) i leith na gcontrapháirtithe sin a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a) 

féadfaidh siad, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an fhaisnéis a úsáid a fuarthas óna gcontrapháirtithe ar bhonn deonach agus déthaobhach trí thionscnamh na hiasachta, agus trí phróisis athbhreithnithe agus faireacháin rialta creidmheasa;

(b) 

i gcás nach bhfuil an contrapháirtí ábalta nó toilteanach na sonraí lena mbaineann a sholáthar ar bhonn déthaobhach, féadfaidh siad meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha a úsáid agus míniú a thabhairt san insint a ghabhann leis an teimpléad ar a mhéid a úsáideadh na meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha sin, agus míniú ar cé acu na meastacháin agus na hathróga ionadacha inmheánacha a cuireadh i bhfeidhm;

(c) 

i gcás nach mbeidh siad ábalta an fhaisnéis lena mbaineann a bhailiú ar bhonn déthaobhach, nó nach mbeidh siad ábalta meastacháin agus athróga ionadacha inmheánacha a úsáid, nó nach mbeidh siad ábalta an fhaisnéis sin a bhailiú nó na meastacháin agus na hathróga ionadacha sin a úsáid ar bhealach nach mbeidh ródhian orthu féin nó ar a gcontrapháirtithe, féadfaidh siad an neamhábaltacht sin a mhíniú san insint a ghabhann leis an teimpléad.

Chun críocha phointe (a), cuirfidh institiúidí a gcontrapháirtithe ar an eolas go bhfuil soláthar na faisnéise sin deonach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0637
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.