+Airteagal 19 Forálacha ginearálta
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.

Airteagal 19 Forálacha ginearálta

Forálacha ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
I gcás ina bhfágfaidh institiúid nochtadh amháin nó níos mó ar lár i gcomhréir le hAirteagal 432 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní dhéanfar uimhriú na rónna nó na gcolún a choigeartú.
Airteagal 19 2.
Déanfaidh institiúidí nóta soiléir san insint a ghabhann leis an teimpléad nó leis an tábla lena mbaineann ina gcuirfear in iúl cé na rónna nó na colúin nár líonadh isteach agus luafar sa nóta sin an chúis gur fágadh an nochtadh ar lár.
Airteagal 19 3.
An fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 431 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh sí soiléir agus cuimsitheach, rud a fhágfaidh go mbeidh úsáideoirí na faisnéise sin in ann na nochtuithe cainníochtúla a thuiscint, agus cuirfear í in aice leis na teimpléid a bhaineann léi.
Airteagal 19 4.

Cuirfear luachanna uimhriúla i láthair mar a leanas:

(a) 

déanfar sonraí airgeadaíochta cainníochtúla a nochtadh ag baint úsáide as beachtas íosta is ionann agus na milliúin aonad;

(b) 

déanfar sonraí cainníochtúla a nochtar mar “Céatadán” a shloinneadh in aghaidh an aonaid agus beachtas íosta acu is ionann agus ceithre dheachúil.

Airteagal 19 5.

Chomh maith leis an bhfaisnéis a nochtar i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil freisin:

(a) 

dáta tagartha nochta agus tréimhse thagartha nochta;

(b) 

airgeadra tuairiscithe;

(c) 

ainm agus, i gcás inarb ábhartha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide nochta;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, an caighdeán cuntasaíochta a úsáideadh;

(e) 

i gcás inarb ábhartha, raon feidhme an chomhdhlúthaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0637
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.