|
+Airteagal 8a 2. |
Airteagal 8a 2.Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil OTF nó MTF á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le díorthaigh thar an gcuntar atá ainmnithe in euro, yen na Seapáine, dollar Mheiriceá nó puint steirling agus go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:
(a)
tá siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déantar iad a imréiteach go lárnach, agus, i ndáil le díorthaigh ráta úis, tá aibíocht de 1, 2, 3, 5, 7, 10, 12, 15, 20, 25 nó 30 bliain acu a comhaontaíodh de réir conartha;
(b)
is babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm iad a thagraíonn do bhanc domhanda a bhfuil tábhacht chórasach leis agus a imréitítear go lárnach; nó
(c)
is babhtálacha mainneachtana creidmheasa iad a thagraíonn d’innéacs ina gcuimsítear bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht chórasach leo agus a imréitítear go lárnach. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|