|
+Airteagal 9 5. |
Airteagal 9 5.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
na paraiméadair agus na modhanna chun tairseach na leachtachta dá dtagraítear i mír 4 a ríomh i ndáil leis an ionstraim airgeadais. Na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfaidh na Ballstáit an tairseach a ríomh, socrófar iad ionas gurb ionann an tráth a sroichfear an tairseach, go mbeidh laghdú mór tagtha ar an leachtacht sna hionaid uile laistigh den Aontas i dtaca leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann bunaithe ar na critéir a úsáidtear faoi Airteagal 2(1)(17);
(b)
raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 8(1), Airteagal 8a(1) agus (2) agus Airteagal 8b(1), agus an calabrú is gá maidir le cineálacha éagsúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 8(2), in Airteagal 8a(3) agus in Airteagal 8b(2) á chur san áireamh;
(c)
méid na n-orduithe a bheidh mór i scála agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh i saoráid bainistithe orduithe go dtí go nochfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann; ▼M8 —————
(e)
na hionstraimí airgeadais nó na haicmí ionstraimí airgeadais nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith ina bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh faoi mhír 1;
(f)
saintréithe na leabhar orduithe teorann lárnaí agus na gcóras trádála do cheantáil thréimhsiúil. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|