|
+Airteagal 11a 2. |
Airteagal 11a 2.I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ina dtrádáiltear aicme díorthach arna thrádáil ar an malartán nó aicme díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéir oibiachtúla a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin. Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme díorthaigh arna thrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointe (e), den Airteagal seo. Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ina ndéantar an aicme sin díorthaigh arna thrádáil ar an malartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáil. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM. Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a foilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. Sula ndéanfar an fhionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|