+Airteagal 11a Foilsiú iarchurtha i leith díorthach
---+Airteagal 11a 1.
---+Airteagal 11a 2.
---+Airteagal 11a 3.
|
Airteagal 11a Foilsiú iarchurtha i leith díorthach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11a 1.
|
Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mionsonraí idirbheart a dhéantar maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas. Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i ndáil le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nó aicmí díobh, trí úsáid a bhaint as cúig chatagóir:
(a)
catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(b)
catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(c)
catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(d)
catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(e)
catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór.
Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.
|
|
Airteagal 11a 2.
|
I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ina dtrádáiltear aicme díorthach arna thrádáil ar an malartán nó aicme díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéir oibiachtúla a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin. Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme díorthaigh arna thrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointe (e), den Airteagal seo. Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ina ndéantar an aicme sin díorthaigh arna thrádáil ar an malartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáil. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM. Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a foilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. Sula ndéanfar an fhionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír.
|
|
Airteagal 11a 3.
|
Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:
(a)
mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme díorthaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na ndíorthach agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;
(b)
an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;
(c)
díorthaigh, nó aicmí díobh, a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(d)
i gcás díorthach leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme de, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1, an triú fomhír, den Airteagal seo ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;
(e)
na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), méid an idirbhirt agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh.
I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú agus é mar aidhm í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh fáil orthu, úsáidfidh ÚEUM na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír i gcomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2) agus leasóidh sé iad chun aon athruithe substaintiúla i gcalabrú na n-iarchur praghsanna agus méideanna a chur san áireamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (e), agus an dara fomhír den mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|