|
+Airteagal 14 7. |
Airteagal 14 7.Chun luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an deis is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
socruithe i dtaca le foilsiú na luachana daingne dá dtagraítear i mír 1;
(b)
cinntiú na tairsí dá dtagraítear i mír 2, lena gcuirfear san áireamh na cleachtais idirnáisiúnta is fearr, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, tábhacht an tionchair ar an margadh agus éifeachtúlacht múnlaithe praghsanna agus nach mbeidh sé sin faoi bhun dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh;
(c)
cinntiú an t-íosmhéid luachanna luaite dá dtagraítear i mír 3 a chinneadh, ar méid é nach sáróidh 90 % den tairseach dá dtagraítear i mír 2 agus nach mbeidh faoi bhun mhéid caighdeánach an mhargaidh;
(d)
cinntiú i dtaobh an léiríonn na praghsanna dálaí an mhargaidh dá dtagraítear i mír 3; agus
(e)
méid chaighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|