|
+Airteagal 26 7. |
Airteagal 26 7.Is é an gnólacht infheistíochta, ARM ag feidhmiú ar a shon féin, nó an t-ionad trádála ar cuireadh an t-idirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuairiscí don údarás inniúil, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9. Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil. De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na n-idirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an t-ionad trádála freagrach as na teipeanna sin. Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a fhíorú a cuireadh isteach ar a son. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuairiscí á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeadh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chothabháil i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a chothabháil agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí. Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n-áirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, mír 3 agus mír 9. I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig an údarás inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1. I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh an ARM, an gnólacht infheistíochta nó an t-ionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|