+Airteagal 28 Oibleagáid chun trádáil ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 2a.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
|
Airteagal 28 Oibleagáid chun trádáil ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
►M8
Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 idirbhearta a thabhairt i gcrích le contrapháirtithe airgeadais eile den sórt sin nó le contrapháirtithe neamhairgeadais eile den sórt sin i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthaigh a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir le hAirteagal 32 agus atá liostaithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34, agus orthu seo amháin: ◄
(d)
ionaid trádála tríú tír, ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 agus ar choinníoll go bhforálfaidh an tríú tír córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt d’ionaid trádála a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE chun díorthaigh a ligean isteach chun a dtrádála nó a thrádáil a bheidh dearbhaithe faoi réir oibleagáide trádála sa tríú tír sin ar bhonn neamheisiach.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Déanfaidh ÚEUM faireachán rialta ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach mbeidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála arna tuairisciú i mír 1 chun cásanna sonracha a shainaithint ina bhféadfaidh aicme conarthaí a bheith ina riosca sistéamach agus chun arbatráiste rialála a chosc idir idirbhearta díorthach a bheidh faoi réir na hoibleagáide trádála agus idirbhearta díorthach nach mbeidh faoi réir na hoibleagáide trádála.
|
|
Airteagal 28 2a.
|
Idirbhearta i ndíorthaigh atá díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh nó nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh siad faoi réir na hoibleagáide trádála.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Beidh díorthaigh arna ndearbhú faoi réir na hoibleagáide trádála de bhun mhír 1 incháilithe lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun trádáil ar ionad trádála ar bith dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go mbeidh ionad trádála a bheidh údaraithe sa tríú tír sin ag comhlíonadh na gceanglas atá ceangailteach de réir an dlí, i gcás ina mbeidh na ceanglais sin comhionann leis na ceanglais ar na hionaid trádála dá dtagraítear i mír 1(a), (b) nó (c) den Airteagal seo, a thig ón Rialachán seo, ó Threoir 2014/65/AE, agus ó Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe sa tríú tír sin. Is chun incháilitheacht a chinneadh mar ionad trádála do dhíorthaigh faoi réir na hoibleagáide trádála a bheidh na cinntí sin, agus chuige sin amháin. Meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;
(b)
tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag ionaid trádála ionas gur féidir díorthaigh a thrádáil ar bhealach cothrom, ordúil agus éifeachtúil, agus ionas gur féidir iad a chaibidliú gan bhac;
(c)
beidh eisitheoirí ionstraimí airgeadais faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach a áirithíonn leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí;
(d)
áiritheoidh sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí rialacha lena dtugtar aghaidh ar dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh.
Féadfaidh cinneadh ón gCoimisiún faoin mír seo a bheith teoranta do chatagóir nó do chatagóirí ionad trádála. Sa chás sin, ní chuirfear ionad trádála tríú tír san áireamh i mír 1(d) ach amháin má thagann sé faoi réim chatagóir a chlúdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha acu laistigh den Aontas agus na cásanna inar gá nó inarb iomchuí an oibleagáid trádála chun cosc a chur le himghabháil aon fhoráil den Rialachán sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, beidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír sin comhionann leis na cinn sin arna nglacadh faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|