+Airteagal 29 Oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte agus am glactha leis an imréiteach
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
|
Airteagal 29 Oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte agus am glactha leis an imréiteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Áiritheoidh oibreoir margaidh rialáilte go n-imréiteoidh CCP gach idirbheart maidir le díorthaigh a thugtar i gcrích ar an margadh rialáilte sin.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Maidir le CCPanna, ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta a ghníomhóidh mar chomhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 2(14) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh córais éifeachtacha, nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm acu i ndáil le díorthaigh imréitithe lena n-áirithiú go gcuirfear idirbhearta i ndíorthaigh imréitithe isteach agus go nglacfar iad le himréiteach chomh tapa is féidir ó thaobh cúrsaí teicniúla de nuair a bheidh córais uathoibríocha á n-úsáid. Sa mhír seo, ciallaíonn “díorthaigh imréitithe”:
(a)
gach díorthach a bheidh le himréiteach de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi mhír 1 den Airteagal seo nó de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(b)
gach díorthach a bheidh le himréiteach a chomhaontóidh na páirtithe ábhartha ar shlí eile.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Forbróidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na híoscheanglais a shonrú do chórais, do nósanna imeachta agus do shocruithe, lena n-áirítear frámaí ama a ghlacadh, faoin Airteagal seo, ag féachaint don ghá le bainistíocht chuí na rioscaí oibríochtúla nó eile a áirithiú. Beidh údarás leanúnach ag ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála bhreise a fhorbairt chun na cinn sin atá i bhfeidhm a uasdátú má mheasann sé go bhfuil gá leis an méid sin agus caighdeáin tionscail ag fabhrú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|