|
+Airteagal 35 5. |
Airteagal 35 5.I gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, contraphairtí lárnach a bunaíodh as an nua agus a údaraíodh mar CCP mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun imréiteach a dhéanamh faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó gur tugadh aitheantas dó faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse is lú ná trí bliana an 2 Iúil 2014, féadfaidh sé roimh an
►M1
3 Eanáir 2018 ◄ , iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil chun leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo don CCP i ndáil le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, ar feadh idirthréimhse go dtí an
►M1
3 Iúil 2020 ◄ . I gcás ina ndéanfar idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní fhéadfaidh an CCP leas a bhaint as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh sin. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do chomhaltaí choláiste na n-údarás inniúil don CCP agus do ÚEUM nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé. I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimshigh sin. Maidir le CCP a údarófar le linn na tréimhse trí bliana roimh theacht i bhfeidhm, ach a dhéantar de bharr cumaisc agus fála lena mbaineann CCP amháin ar laghad a bheidh údaraithe roimh an tréimhse sin, ní cheadófar dó iarratas a dhéanamh ar shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|