|
+Airteagal 38 3. |
Airteagal 38 3.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51, cinntí a ghlacadh á gcinneadh go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh ionad trádála agus CCP atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin. Measfar go mbeidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeidh na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;
(b)
go bhforálfaidh sé do chóras coibhéiseach éifeachtach trína cheadú do CCPanna agus ionaid trádála a bheidh údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála a bheidh bunaithe sa tríú tír sin;
(c)
go bhforálfaidh creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras éifeachtach coibhéiseach faoina gceadófar do CCPanna agus d’ionaid trádala a bheidh údaraithe i ndlínse eachtrach rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:
(i)
fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus
(ii)
ceadúnais, ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|