|
+Airteagal 38b 3. |
Airteagal 38b 3.Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh di;
(e)
a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
a shonrú cén tsuim a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38h, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a thabhairt le fios cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|