|
+Airteagal 38 g 2. |
Airteagal 38 g 2.Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inluaite leis an sárú ar shlí eile;
(c)
an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(g)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, chomh fada agus is féidir iad a dhéanamh amach;
(h)
an leibhéal comhoibre atá ann idir an duine atá freagrach as an sárú agus ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|