+Airteagal 41 Cumhachtaí sealadacha idirghabhála ÚBE
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.
---+Airteagal 41 6.
---+Airteagal 41 7.
---+Airteagal 41 8.
|
Airteagal 41 Cumhachtaí sealadacha idirghabhála ÚBE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚBE toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:
(a)
margú, dáileadh nó díol taiscí struchtúraithe áirithe nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó
(b)
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.
Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚBE.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Ní ghlacfaidh ÚBE cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar an ábhar imní nó ar an mbaol faoi leith do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;
(b)
na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais a bheidh infheidhme maidir leis an taisce struchtúraithe nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol; agus
(c)
nach mbeidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil.
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚBE an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.
|
|
Airteagal 41 3.
|
Le linn don ÚBE gníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an ngníomhaíocht:
(a)
nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, a bheidh díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht; agus
(b)
nach í an ghníomhaíocht faoi deara riosca arbatráiste rialála.
I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚBE aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚBE fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
|
|
Airteagal 41 5.
|
Foilseoidh ÚBE fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 41 6.
|
Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna bhforchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚBE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.
|
|
Airteagal 41 7.
|
Beidh forlámhas ag gníomhaíocht arna ghlacadh ag ÚBE faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile arna déanamh ag údarás inniúil roimhe sin.
|
|
Airteagal 41 8.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚBE a shonrú agus cinneadh a dhéanamh aige i dtaobh cathain a bheidh ábhar mór imní nó baol i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de. Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:
(a)
an méid castachta a bhaineann le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;
(b)
méid nó luach barúlach a bhaineann le taiscí struchtúraithe a eisiúint;
(c)
a nuála is atá taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas,
(d)
an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag taisce struchtúraithe nó cleachtas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|