+Airteagal 42 Idirghabháil táirge a dhéanamh ag údaráis inniúla
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.
---+Airteagal 42 6.
---+Airteagal 42 7.
|
Airteagal 42 Idirghabháil táirge a dhéanamh ag údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 42 1.
|
Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar na nithe seo a leanas sa Bhallstát sin nó uaidh:
(a)
margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó taiscí struchtúraithe nó ionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe ag baint leo; nó
(b)
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.
|
|
Airteagal 42 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha:
(a)
ceann amháin díobh seo a leanas:
(i)
gur ábhar imní ó thaobh cosanta infheisteoirí atá i dtaisce struchtúraithe nó i ngníomhaíocht nó i gcleachtas nó go gcuirfidhsiad feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mbaol laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad; nó
(ii)
go mbeidh éifeacht dhochrach ag díorthach ar an sásra socraithe praghsanna sa bhunmhargadh;
(b)
nach dtabharfaidh na ceanglais reatha rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais, leis an taisce struchtúraithe nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus nárbh fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist trí mhaoirseacht fheabhsaithe nó trí na ceanglais reatha a fhorfheidhmiú;
(c)
go mbeidh an ghníomhaíocht comhréireach agus na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh ionstraimí airgeadais, taisce struchtúraithe nó gníomhaíocht nó cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;
(d)
go mbeidh an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh;
(e)
nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile; agus
(f)
go mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, i gcás ina gcuirfidh ionstraim airgeadais nó gníomhaíocht nó cleachtas feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh talmhaíochta fhisicigh faoi bhagairt thromchúiseach.
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint. Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 42 3.
|
Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis curtha aige chuig gach údarás inniúil eile agus chuig ÚEUM, tráth nach lú ná mí amháin roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart, faoi na mionsonraí seo a leanas:
(a)
an ionstraim airgeadais nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart atá beartaithe;
(b)
an cineál toirmisc nó sriain go baileach atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus
(c)
an fhianaise a mbeidh sé tar éis a chinneadh a bhunú uirthi agus ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta.
|
|
Airteagal 42 4.
|
I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach faoin Airteagal sin d’fhonn nach dtiocfaidh dochar as na hionstraimí airgeadais, na taiscí struchtúraithe, na cleachtais nó na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhú ar bhonn sealadach taobh istigh d’fhógra i scríbhinn nach lú ná 24 huaire an chloig, roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart i ndáil leis na húdaráis inniúla eile go léir agus le ÚEUM, nó, le taiscí struchtúraithe, ÚBE ar choinníoll go mbeidh na critéir ar fad atá san Airteagal sin á gcomhlíonadh agus, ina theannta sin, go mbunófar go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra mí amháin sásúil chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó ar an mbaol ar leith. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí.
|
|
Airteagal 42 5.
|
Foilseoidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar tar éis an fógra a bheith foilsithe.
|
|
Airteagal 42 6.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 2.
|
|
Airteagal 42 7.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní nó bagairt i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i mír 2(a). Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:
(a)
an méid castachta a bhainfidh le hionstraim airgeadais nó le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú dó, a dáileadh air nó a dhíol dó;
(b)
a nuála is a bheidh ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas;
(c)
an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe nó cleachtas;
(d)
i ndáil le feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí, le méid nó le luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a eisiúint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|