|
+Airteagal 45 10. |
Airteagal 45 10.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a shonrú chun an méid seo a leanas a chinneadh:
(a)
bagairt a bheith ann d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear i ndáil leis na socruithe maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha nó le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de, dá dtagraítear i mír 2(a) agus á chur i gcuntas a mhéid a úsáidfear na suímh chun suímh i dtráchtearraí fisiceacha nó i gconarthaí tráchtearraí a fhálú agus a mhéid a leagtar síos na praghsanna sna bunmhargaí faoi threoir phraghsanna díorthach tráchtearraí;
(b)
suíomh nó neamhchosaint a laghdú go hiomchuí a dhéanfar trí dhíorthach dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal sin;
(c)
na cásanna ina bhféadfadh riosca arbatráiste rialála dá dtagraítear i mír 3(b) den Airteagal sin teacht chun cinn. Cuirfear i gcuntas sna critéir agus sna tosca sin na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(3) de Threoir 2014/65/AE agus déanfar idirdhealú leo idir na staideanna ina ngníomhaíonn ÚEUM toisc gur mhainnigh údarás inniúil gníomhú agus na staideanna ina dtugann ÚEUM aghaidh ar an riosca breise nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann aghaidh a thabhairt air go leordhóthanach de bhun Airteagal 69(2)(j) nó (o) de Threoir 2014/65/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|