|
+Airteagal 47 1a. |
Airteagal 47 1a.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na himthosca faoinar dócha, tar éis cinneadh coibhéise dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas. I gcás inar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha sonracha oibríochtúla a chur i gceangal le cinntí coibhéise lena áirithiú go bhfuil ag ÚEUM agus ag údaráis náisiúnta inniúla na huirlisí is gá chun arbatráiste rialála a chosc agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2) i leith seirbhísí a sholáthraítear agus gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas, deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na gnólachtaí sin an méid seo a leanas:
(a)
na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21;
(b)
na ceanglais tuairiscithe ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26, i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil go díreach agus ar bhonn leanúnach a bhuí le meabhrán tuisceana le húdarás inniúil tríú tír;
(c)
na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 28, i gcás inarb infheidhme. Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an aithnítear an tríú tír mar dhlínse neamh‐chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír a bhfuil ardriosca ag baint léi de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|