+Airteagal 47 Cinneadh coibhéise
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 1a.
---+Article 47 1b.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 47 6.
|
Airteagal 47 Cinneadh coibhéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) i ndáil le tríú tír á rá go n‐áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí agus ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
), i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE agus i dTreoir 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
17
) agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi na gníomhartha reachtacha sin;
(b)
go bhfuil gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí; agus
(c)
go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír.
I gcás inar dócha, tar éis an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, ní fhéadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag na ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear san fhomhír sin ach amháin tar éis measúnú mionsonraithe gráinneach a dhéanamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an gcóineasú maoirseachta idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas agus cuirfidh sé an méid sin san áireamh.
|
|
Airteagal 47 1a.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na himthosca faoinar dócha, tar éis cinneadh coibhéise dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas.
I gcás inar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha sonracha oibríochtúla a chur i gceangal le cinntí coibhéise lena áirithiú go bhfuil ag ÚEUM agus ag údaráis náisiúnta inniúla na huirlisí is gá chun arbatráiste rialála a chosc agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2) i leith seirbhísí a sholáthraítear agus gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas, deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na gnólachtaí sin an méid seo a leanas:
(a)
na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21;
(b)
na ceanglais tuairiscithe ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26, i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil go díreach agus ar bhonn leanúnach a bhuí le meabhrán tuisceana le húdarás inniúil tríú tír;
(c)
na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 28, i gcás inarb infheidhme.
Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an aithnítear an tríú tír mar dhlínse neamh‐chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír a bhfuil ardriosca ag baint léi de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.
|
|
Article 47 1b.
|
The prudential, organisational and business conduct framework of a third country may be considered to have equivalent effect where that framework fulfils all of the following conditions:
(a)
firms providing investment services or performing investment activities in that third country are subject to authorisation and to effective supervision and enforcement on an ongoing basis;
(b)
firms providing investment services or performing investment activities in that third country are subject to sufficient capital requirements and, in particular, firms providing services or carrying out the activities referred to in point (3) or (6) of Section A of Annex I to Directive 2014/65/EU are subject to comparable capital requirements to those they would apply if they were established in the Union;
(c)
firms providing investment services or performing investment activities in that third country are subject to appropriate requirements applicable to shareholders and members of their management body;
(d)
firms providing investment services or performing investment activities are subject to adequate business conduct and organisational requirements;
(e)
market transparency and integrity is ensured by preventing market abuse in the form of insider dealing and market manipulation.
For the purposes of paragraph 1a of this Article, when assessing the equivalence of third-country rules as regards the trading obligation set out in Articles 23 and 28, the Commission shall also assess whether the third country’s legal framework provides for criteria for the designation of trading venues as eligible for compliance with the trading obligation which have a similar effect to those set out under this Regulation or under Directive 2014/65/EU.
|
|
Airteagal 47 2.
|
Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, i gcomhréir le mír. Sonróidh socruithe den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
▼M2
(a)
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrann ÚEUM faoi na gnólachtaí nach de chuid AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe a bhaineann le comhroinnt na faisnéise sin ag ÚEUM tar éis sin le húdaráis inniúla na mBallstát;
▼B
(b)
an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil gnólacht tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ÚEUM sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 48 ag sárú choinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé d’oibleagáid air a chomhlíonadh;
▼M2
(c)
na nósanna imeachta maidir le comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n‐áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn an gnólacht tríú tíre seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 46, i gcás inar gá sin a dhéanamh chun cúraimí ÚEUM nó an údaráis inniúil a bhaint amach i gcomhréir leis an Rialachán seo, tar éis údarás inniúil an tríú tír a chur ar an eolas ina leith;
▼M2
(d)
na nósanna imeachta lena mbaineann iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 46(6a) agus (6b) a fhéadfaidh ÚEUM a chur faoi bhráid gnólacht tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2).
|
|
Airteagal 47 3.
|
Maidir le gnólacht tríú tír arna bhunú i dtír ina mbeidh a chreat dlíthiúil agus maoirseachta aitheanta a bheith coibhéiseach, go héifeachtach, i gcomhréir le mír 1, agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE, beidh sé in ann na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin údarúchán a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i mBallstáit eile an Aontais gan brainsí nua a bhunú. Chuige sin, comhlíonfaidh sé na ceanglais faisnéise in Airteagal 34 de Threoir 2014/65/AE chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí trasteorann a sholáthar. Leanfaidh an brainse de bheith faoi réir mhaoirsiú an Bhallstáit i gcás ina mbunófar an brainse i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE. Mar sin féin, agus gan dochar do na hoibleagáidí chun comhoibriú a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an brainse bunaithe agus údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh comhaontuithe comhréireacha comhair a bhunú chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí cosanta infheisteoirí á sheachadadh ag brainse an ghnólachta tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta laistigh den Aontas.
|
|
Airteagal 47 4.
|
Ní fhéadfaidh tríú tír na cearta faoi Airteagal 46(1) a úsáid a thuilleadh i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) ag tarraingt siar a chinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an tríú tír sin.
|
|
Airteagal 47 5.
|
Déanfaidh ÚEUM faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, ar na cleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha a mbeidh cinntí coibhéise glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1 chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha ar glacadh na cinntí ar a mbonn fós á gcomhlíonadh. Cuirfidh ÚEUM, ar bhonn bliantúil, tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin maidir le torthaí an fhaireacháin sin. I gcás ina measfaidh ÚEUM gurb iomchuí sin, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle le ÚBE i dtaca leis an tuarascáil.
Leis an tuarascáil freisin, léireofar na treochtaí a thugtar faoi deara ar bhonn na sonraí a bhailítear faoi Airteagal 46(6a), go háirithe i dtaobh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.
|
|
Airteagal 47 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 5, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn bliantúil ar a laghad. Sa tuarascáil, beidh liosta de na cinntí coibhéise a rinne nó a tharraing an Coimisiún siar le linn na bliana tuairiscithe, mar aon le haon bhearta a rinne ÚEUM de bhun Airteagal 49, agus tabharfar an réasúnú atá leis na cinntí agus leis na bearta sin.
Beidh sa tuarascáil ón gCoimisiún faisnéis faoin bhfaireachán ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht, faoi na cleachtais forfheidhmiúcháin agus forbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha ar glacadh cinntí coibhéise ina leith. Sa tuarascáil, féachfar chomh maith ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar sholáthar trasteorann seirbhísí infheistíochta ag gnólachtaí tríú tír go ginearálta agus, go háirithe, maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE. In am trátha, beidh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le measúnuithe coibhéise atá idir lámha ag an gCoimisiún i dtaca le tríú tír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|