|
+Airteagal 52 14a. |
Airteagal 52 14a.3 bliana tar éis teilitéip chomhdhlúite a bheith údaraithe den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na haicmí sócmhainní a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite;
(b)
tráthúlacht agus cáilíocht na sonraí arna dtarchur chuig an CTP;
(c)
tráthúlacht scaipeadh, agus cháilíocht, na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála;
(d)
ról na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála maidir leis an easnamh cur chun feidhme a laghdú;
(e)
líon úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite de réir aicme sócmhainní;
(f)
an tionchar atá ag croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe difriúla sna margaí caipitil a réiteach;
(g)
oiriúnacht na bprótacal tarchurtha a úsáidtear chun sonraí a tharchur chuig an CTP;
(h)
oiriúnacht agus feidhmiú na scéime athdháilte ioncaim, go háirithe maidir le rannchuiditheoirí sonraí ar ionaid trádála bheaga iad;
(i)
éifeachtaí na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála ar infheistíochtaí in FBManna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|