+Airteagal 52 Tuarascálacha agus athbhreithniú
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.
---+Airteagal 52 5.
---+Airteagal 52 6.
---+Airteagal 52 7.
---+Airteagal 52 8.
---+Airteagal 52 9.
---+Airteagal 52 10.
---+Airteagal 52 14.
---+Airteagal 52 14a.
---+Airteagal 52 14b.
---+Airteagal 52 14c.
---+Airteagal 52 15.
|
Airteagal 52 Tuarascálacha agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1.
|
Faoin
►M1
3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar atá ag na hoibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3 go hAirteagal 13, go háirithe maidir le tionchar an tsásra caidhpeála méide a thuairiscítear in Airteagal 5, lena n-áirítear maidir leis an gcostas trádála do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla agus maidir le trádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, agus a éifeachtúlacht chun a áirithiú nach ndéanfaidh an úsáid a bhaintear as na tarscaoiltí ábhartha dochar do chruthú praghsanna agus conas a d’fhéadfadh aon sásra iomchuí chun pionóis a fhorchur i gcás sáruithe ar an gcaidhpheáil mhéide oibriú, agus maidir le cur i bhfeidhm na dtarscaoilte agus cé chomh hoiriúnach is atá siad fós d’oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a bunaíodh de bhun Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 9(2) go (5).
|
|
Airteagal 52 2.
|
Cuirfear san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tionchar úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) ar mhargaí cothromais Eorpacha, agus ar an sásra caidhpeála méide faoi Airteagal 5, ag tagairt go háirithe do na nithe seo a leanas:
(a)
leibhéal agus treocht trádáil leabhar orduithe neamhthrédhearcach laistigh den Aontas ó tugadh isteach an Rialachán seo;
(b)
tionchar ar na raonta difríochta trédhearcacha réamhthrádála arna lua;
(c)
tionchar ar leibhéal leachtachta ar leabhair orduithe thrédhearcacha;
(d)
tionchar ar iomaíocht agus ar infheisteoirí laistigh den Aontas;
(e)
an tionchar ar thrádáil scaireanna ag cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe;
(f)
forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus idirphlé le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 52 3.
|
Má thagann an tuarascáil ar an tuairim go bhfuil úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) díobhálach don socrú praghsanna, nó do thrádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí, lena n-áirítear leasuithe ar an Rialachán seo, maidir le húsáid na dtarscaoiltí sin. Cuirfear san áireamh i dtograí den chineál sin measúnú tionchair na leasuithe molta agus cuspóirí an Rialacháin seo agus éifeachtaí ar shuaitheadh margaidh agus ar iomaíocht, agus na tionchair a d’fhéadfaidís a imirt ar infheisteoirí san Aontas.
|
|
Airteagal 52 4.
|
Faoin
►M1
3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú Airteagal 26, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuarascálacha idirbhirt a fuarthas agus a malartaíodh idir na húdaráis inniúla le gur féidir faireachán a dhéanamh, ar shlí chuimsitheach, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(1). Féadfaidh an Coimisiún aon tograí ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a thuairisciú do chóras arna ainmniú ag ÚEUM seachas d’údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo chun críocha an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE agus chun déileáil cos istigh agus cúbláil mhargaidh a bhrath i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.
|
|
Airteagal 52 5.
|
Faoin
►M1
3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le réitigh iomchuí chun neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú chomh maith le huirlisí do rialtóirí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí luachana i ndáil le hionaid trádála. Déanfaidh an tuarascáil sin ar a laghad measúnú ar an bhféidearthacht chun an córas Eorpach tairgthe agus tairisceana is fearr a fhorbairt do luachana comhdhlúite chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 52 6.
|
Faoin
►M1
3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le trádáil i ndíorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 28.
|
|
Airteagal 52 7.
|
Faoin
►M1
3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an bhforbairt i bpraghsanna i ndáil le sonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna, ó APAnna agus ó CTPanna.
|
|
Airteagal 52 8.
|
Faoin
►M1
3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar athbhreithniú ar na forálacha idir-inoibritheachta in Airteagal 36 den Rialachán seo agus in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 52 9.
|
Faoin
►M1
3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú Airteagal 35, Airteagal 36 den Rialachán seo agus Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Faoin
►M1
3 Iúil 2022 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37.
|
|
Airteagal 52 10.
|
Faoin
►M1
3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar Airteagal 35 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus ar ionaid trádála a bhfuil dlúthbhaint acu leis na CCPanna sin agus i dtaobh an sínfear an socrú idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 35(5), agus measúnú á dhéanamh ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí chun iomaíocht agus an réimse rogha a bheidh ar fáil do rannpháirtithe an mhargaidh a fheabhsú i gcoinne éifeacht dhíréireach fhéideartha na bhforálacha sin ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe agus na sriantachtaí ar rannpháirtithe an mhargaidh áitiúil chun rochtain a fháil ar CCPanna domhanda agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh. Faoi réir chonclúidí na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an idirthréimhse a shíneadh ar feadh 30 mí ar a mhéad i gcomhréir le hAirteagal 35(5).
|
|
Airteagal 52 14.
|
Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), measúnú ar éileamh an mhargaidh ar an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, ar thionchar na teilitéipe comhdhlúite sin ar fheidhmiú, ar tharraingteacht agus iomaíochas idirnáisiúnta mhargaí agus ghnólachtaí an Aontais, agus ar cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an teilitéip chomhdhlúite an aidhm atá aici neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú agus suíomh níos tarraingtí a dhéanamh den Aontas chun infheistíocht a dhéanamh. Tuairisceoidh ÚEUM don Choimisiún maidir lena iomchuí atá sé gnéithe breise a chur leis an teilitéip chomhdhlúite, amhail an cód aitheantóra margaidh le haghaidh sonraí réamhthrádála a scaipeadh. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
Airteagal 52 14a.
|
3 bliana tar éis teilitéip chomhdhlúite a bheith údaraithe den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na haicmí sócmhainní a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite;
(b)
tráthúlacht agus cáilíocht na sonraí arna dtarchur chuig an CTP;
(c)
tráthúlacht scaipeadh, agus cháilíocht, na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála;
(d)
ról na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála maidir leis an easnamh cur chun feidhme a laghdú;
(e)
líon úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite de réir aicme sócmhainní;
(f)
an tionchar atá ag croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe difriúla sna margaí caipitil a réiteach;
(g)
oiriúnacht na bprótacal tarchurtha a úsáidtear chun sonraí a tharchur chuig an CTP;
(h)
oiriúnacht agus feidhmiú na scéime athdháilte ioncaim, go háirithe maidir le rannchuiditheoirí sonraí ar ionaid trádála bheaga iad;
(i)
éifeachtaí na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála ar infheistíochtaí in FBManna.
|
|
Airteagal 52 14b.
|
Faoin 29 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM, measúnú ar an bhféidearthacht ceanglais Airteagal 26 den Rialachán seo a leathnú chuig bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE iad agus go cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE, a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus a dhéanann idirbhearta in ionstraimí airgeadais a fhorghníomhú. Go háirithe, áireoidh an Coimisiún sa mheasúnú sin anailís costais agus tairbhe agus meastóireacht ar raon feidhme leathnaithe den sórt sin. Ar bhonn an mheasúnaithe sin agus spriocanna aontas na margaí caipitil á gcur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú trí cheanglais Airteagal 26 a leathnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 52 14c.
|
Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar oiriúnacht na caidhpeála méid a shocraítear in Airteagal 5(1) agus ar an ngá atá ann í a bhaint nó a leathnú chuig córais trádála eile nó chuig ionaid forghníomhaithe eile a dhíorthaíonn a bpraghsanna ó phraghas tagartha, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta, iomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais, agus éifeachtaí na caidhpeála méid sin ar thrádáil chóir ordúil ar mhargaí, agus ar éifeachtúlacht praghasmhúnlaithe á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 52 15.
|
►M8
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh: ◄
▼M8
(e)
a áirithiú go soláthrófar croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar bhonn réasúnach tráchtála agus go gcomhlíonann siad riachtanais úsáideoirí na sonraí sin ar fud an Aontais;
▼M8 —————
▼M8
(g)
na socruithe is infheidhme a shonrú i gcás nach gcomhlíonann an CTP na critéir roghnúcháin a thuilleadh;
(h)
na socruithe a shonrú faoina bhféadfaidh CTP leanúint de theilitéip chomhdhlúite a oibriú ar choinníoll nach n-údarófar aon eintiteas nua tríd an nós imeachta roghnúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|