Déanfaidh an t-oibreoir nó, sa chás nach mbeidh oibreoir foirmeáilte ann, déanfaidh rannpháirtithe an chórais íocaíochta miondíola laistigh den Aontas deimhin de go bhfuil a gcóras íocaíochta idir-inoibritheach go teicniúil le seirbhísí eile íocaíochta miondíola laistigh den Aontas trí bhíthin caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid. Ina theannta sin, ní dhéanfaidh siad rialacha gnó a ghlacadh a chuirfidh srian leis an idir-inoibritheacht le córais eile íocaíochta miondíola laistigh den Aontas. Ní bheidh iachall ar sheirbhísí íocaíochta a bheidh ainmnithe faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (
5
) idir-inoibritheacht theicniúil a áirithiú le córais eile íocaíochta a bheidh ainmnithe faoin Treoir chéanna.