+Airteagal 15 Athbhreithniú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Faoin 1 Feabhra 2017, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, BCE agus ÚBE lena ngabhfaidh togra, más iomchuí.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Faoin 9 Deireadh Fómhair 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Beidh meastóireacht sa tuarascáil ar na nithe seo a leanas:
(a)
forbairt muirear ar chuntais íocaíochta agus aistrithe creidmheasa náisiúnta agus trasteorann agus aistrithe creidmheasa meandracha in euro agus in airgeadra náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu ón 26 Deireadh Fómhair 2022, lena n-áirítear tionchar Airteagal 5b(1) ar na muirir sin; agus
(b)
raon feidhme Airteagal 5d agus a éifeachtacht chun bac neamhriachtanach ar aistrithe creidmheasa meandracha a chosc.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Tuairisceoidh SSInna dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid a leanas:
(a)
leibhéal na muirear le haghaidh aistrithe creidmheasa, aistrithe creidmheasa meandracha agus cuntais íocaíochta;
(b)
sciar na ndiúltaithe, leis féin le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann, mar thoradh ar bhearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe.
Tíolacfaidh SSInna na tuarascálacha sin gach 12 mhí. Tíolacfar an chéad tuarascáil an 9 Aibreán 2025 agus áireofar inti faisnéis faoi leibhéal na muirear agus faoi dhiúltuithe le linn na tréimhse dar tús an 26 Deireadh Fómhair 2022 go dtí deireadh na bliana féilire roimhe sin.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Faoin 9 Deireadh Fómhair 2025, agus go bliantúil ina dhiaidh sin, soláthróidh na húdaráis inniúla don Choimisiún agus do ÚBE an fhaisnéis a thuairiscíonn SSInna dóibh faoi mhír 3, mar aon leis an bhfaisnéis maidir le méid agus luach na n-aistrithe creidmheasa meandracha in euro, idir náisiúnta agus trasteorann, a sheol SSInna atá bunaithe ina mBallstát le linn na bliana féilire roimhe sin.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht a shonrú maidir le conas na teimpléid tuairiscithe sin a úsáid chun críocha an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh ÚBE na dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meitheamh 2024. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 9 Aibreán 2027, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na bacainní atá fós ann maidir le hinfhaighteacht agus úsáid aistrithe creidmheasa meandracha. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar leibhéal caighdeánaithe na dteicneolaíochtaí atá ábhartha i ndáil le haistrithe creidmheasa meandracha a úsáid. Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0260
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|