6. Tar éis dó dul i gcomhairle le painéal comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), féadfaidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena mbunaítear na ceanglais a chomhlíonfaidh scéimeanna cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Nollaig 2015.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.