+Airteagal 8 Faisnéis chaighdeánach atá le cur ar áireamh i bhfógraíocht comhaontuithe creidmheasa
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
|
Airteagal 8 Faisnéis chaighdeánach atá le cur ar áireamh i bhfógraíocht comhaontuithe creidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Fógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireofar rabhadh soiléir feiceálach inti chun tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil costas ar airgead a fháil ar iasacht, trí úsáid a bhaint as an bhfoclaíocht ‘Aire! Tá costas ar airgead a fháil ar iasacht’, nó as foclaíocht choibhéiseach.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Fógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa lena léirítear ráta úis nó aon fhigiúirí a bhaineann le haon chostas creidmheasa don tomhaltóir, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireofar faisnéis chaighdeánach inti i gcomhréir leis an Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina gceanglaítear leis an dlí náisiúnta léiriú ar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir i bhfógraíocht maidir le comhaontuithe creidmheasa nach léiríonn ráta úis ná aon fhigiúirí a bhaineann le haon chostas creidmheasa don tomhaltóir de réir bhrí na chéad fhomhíre.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh an fhaisnéis chaighdeánach inléite go héasca nó inchloiste go soiléir, de réir mar is iomchuí, agus oiriúnaithe do shrianta teicniúla an mheáin a úsáidtear le haghaidh fógraíochta agus sonrófar na heilimintí seo a leanas ar fad inti ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach:
(a)
an ráta iasachta, seasta nó athraitheach nó iad araon, mar aon le mionsonraí aon mhuirir a áirítear i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;
(b)
an méid iomlán creidmheasa;
(c)
ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;
(d)
i gcás inarb infheidhme, fad an chomhaontaithe creidmheasa;
(e)
i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha, an praghas in airgead tirim agus méid aon réamhíocaíochta;
(f)
i gcás inarb infheidhme, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus méid na dtráthchodanna.
I gcásanna sonracha agus a bhfuil bonn cirt leo, maidir leis an meán a úsáidtear chun an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl, i gcás nach gceadaítear leis an meán sin an fhaisnéis a thaispeáint ó amharc, ní bheidh feidhm ag pointe (e) ná (f) den fhomhír sin.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Sonrófar an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, trí bhíthin sampla ionadaíoch.
|
|
Airteagal 8 5.
|
I gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích conartha maidir le seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith, agus nach féidir costas na seirbhíse sin a chinneadh roimh ré, sonrófar san fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach an oibleagáid chun an conradh sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Gan dochar do Threoir 2005/29/CE, i gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo i gcás nach gcumasaítear leis an meán leictreonach a úsáidtear chun an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur in iúl an fhaisnéis sin a thaispeáint go feiceálach agus go soiléir, beidh an tomhaltóir in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) den chéad fhomhír den mhír sin trí chliceáil, trí scrollú nó trí svaidhpeáil.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Déanfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar fhógraíocht le haghaidh táirgí creidmheasa:
(a)
a spreagann tomhaltóirí creidmheas a lorg trína mholadh go gcuirfeadh creidmheas feabhas ar staid airgeadais na dtomhaltóirí sin;
(b)
a shonraíonn nach bhfuil mórán tionchair nó tionchar ar bith ag comhaontuithe creidmheasa gan íoc nó ag creidmheas cláraithe i mbunachair sonraí ar mheasúnú ar iarratas creidmheasa;
(c)
a thugann le fios go bréagach go dtagann méadú ar acmhainní airgeadais mar thoradh ar chreidmheas, go nglacann sé ionad coigiltis nó go bhféadfaidh sé caighdeáin mhaireachtála an tomhaltóra a fheabhsú.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Féadfaidh na Ballstáit, inter alia, toirmeasc a chur ar fhógraíocht le haghaidh táirgí creidmheasa:
(a)
a chuireann béim ar a éasca nó a thapúla is féidir creidmheas a fháil;
(b)
a chuireann in iúl go bhfuil fógraíocht coinníollach ar chreidmheas a ghlacadh;
(c)
a chuireann ‘tréimhsí cairde’ níos faide ná 3 mhí ar fáil chun tráthchodanna creidmheasa a aisíoc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|