|
+Airteagal 8 3. |
Airteagal 8 3.Beidh an fhaisnéis chaighdeánach inléite go héasca nó inchloiste go soiléir, de réir mar is iomchuí, agus oiriúnaithe do shrianta teicniúla an mheáin a úsáidtear le haghaidh fógraíochta agus sonrófar na heilimintí seo a leanas ar fad inti ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach:
(a)
an ráta iasachta, seasta nó athraitheach nó iad araon, mar aon le mionsonraí aon mhuirir a áirítear i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;
(b)
an méid iomlán creidmheasa;
(c)
ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;
(d)
i gcás inarb infheidhme, fad an chomhaontaithe creidmheasa;
(e)
i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha, an praghas in airgead tirim agus méid aon réamhíocaíochta;
(f)
i gcás inarb infheidhme, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus méid na dtráthchodanna. I gcásanna sonracha agus a bhfuil bonn cirt leo, maidir leis an meán a úsáidtear chun an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl, i gcás nach gceadaítear leis an meán sin an fhaisnéis a thaispeáint ó amharc, ní bheidh feidhm ag pointe (e) ná (f) den fhomhír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|