+Airteagal 10 1.
|
Airteagal 10 1.
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhaisnéis réamhchonarthach shoiléir agus intuigthe a sholáthar don tomhaltóir, ar faisnéis í is gá chun tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích ar bhonn na dtéarmaí agus na gcoinníollacha maidir le creidmheas a thairgeann an creidiúnaí agus, más infheidhme, na roghanna atá curtha in iúl agus an fhaisnéis atá soláthartha ag an tomhaltóir. Soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach sin don tomhaltóir in am trátha sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa nó tairiscint, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear modhanna cianchumarsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Threoir 2002/65/CE. I gcás ina soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i dtréimhse is gairide ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcomhaontú creidmheasa nó ag an tairiscint, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa meabhrúchán a sheoladh chuig an tomhaltóir á rá gur féidir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa agus faoin nós imeachta atá le leanúint chun tarraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 26. Cuirfear an meabhrúchán sin ar fáil don tomhaltóir, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonrófar sa chomhaontú creidmheasa, idir lá amháin agus 7 lá tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis don tomhaltóir an tairiscint chreidmheasa cheangailteach a thíolacadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|