+Airteagal 10 Faisnéis réamhchonarthach
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
---+Airteagal 10 9.
---+Airteagal 10 10.

Airteagal 10 Faisnéis réamhchonarthach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhaisnéis réamhchonarthach shoiléir agus intuigthe a sholáthar don tomhaltóir, ar faisnéis í is gá chun tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích ar bhonn na dtéarmaí agus na gcoinníollacha maidir le creidmheas a thairgeann an creidiúnaí agus, más infheidhme, na roghanna atá curtha in iúl agus an fhaisnéis atá soláthartha ag an tomhaltóir. Soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach sin don tomhaltóir in am trátha sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa nó tairiscint, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear modhanna cianchumarsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Threoir 2002/65/CE.

I gcás ina soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i dtréimhse is gairide ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcomhaontú creidmheasa nó ag an tairiscint, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa meabhrúchán a sheoladh chuig an tomhaltóir á rá gur féidir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa agus faoin nós imeachta atá le leanúint chun tarraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 26. Cuirfear an meabhrúchán sin ar fáil don tomhaltóir, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonrófar sa chomhaontú creidmheasa, idir lá amháin agus 7 lá tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis don tomhaltóir an tairiscint chreidmheasa cheangailteach a thíolacadh.

Airteagal 10 2.
Soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, arna roghnú ag an tomhaltóir, tríd an bhfoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh an fhaisnéis uile a sholáthrófar san fhoirm chomh feiceálach céanna. Measfar na ceanglais faisnéise a leagtar síos sa mhír seo agus in Airteagal 3 (1) agus (2), de Threoir 2002/65/CE a bheith comhlíonta ag an gcreidiúnaí má sholáthair an creidiúnaí sin an fhoirm sin.
Airteagal 10 3.

Maidir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1, sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach gach ceann de na heilimintí seo a leanas, ar bhealach feiceálach sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar leathanach amháin:

(a) 

céannacht an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;

(b) 

an méid iomlán creidmheasa;

(c) 

fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(d) 

an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;

(e) 

ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;

(f) 

i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(g) 

na costais i gcás íocaíochtaí déanacha, i.e. an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(h) 

méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(i) 

rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(j) 

cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar agus, i gcás inarb infheidhme, an tréimhse tarraingt siar;

(k) 

gurb ann do cheart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúitimh;

(l) 

seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann.

Airteagal 10 4.
I gcás nach féidir na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 3 a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar leathanach amháin, taispeánfar iad sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar dhá leathanach ar a mhéad. Sa chás sin, taispeánfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) den mhír sin ar an gcéad leathanach den fhoirm.
Airteagal 10 5.

Sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na heilimintí seo a leanas, a thaispeánfar tar éis na heilimintí a liostaítear i mír 3 a dheighilt go suntasach uathu:

(a) 

an cineál creidmheasa;

(b) 

na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;

(c) 

i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;

▼C1

(d) 

i gcás ina soláthraítear le comhaontú creidmheasa bealaí tarraingthe anuas éagsúla le muirir nó rátaí iasachta éagsúla agus ina n-úsáideann an creidiúnaí an toimhde a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid II, pointe (c), léiriú go bhféadfaidh rátaí céatadánacha bliantúla muirir atá níos airde a bheith mar thoradh ar shásraí tarraingthe anuas eile maidir leis an gcineál comhaontaithe creidmheasa sin;

▼B

(e) 

i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó níos mó a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa, agus na coinníollacha faoina bhféadfar aon cheann de na muirir sin a athrú;

(f) 

sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh; i gcás ina mbeidh an creidiúnaí curtha ar an eolas ag an tomhaltóir faoi chomhpháirt amháin nó níos mó dá chreidmheas tosaíochta nó dá creidmheas tosaíochta, mar shampla fad an chomhaontaithe creidmheasa agus an méid iomlán creidmheasa, cuirfidh an creidiúnaí na comhpháirteanna sin san áireamh;

(g) 

i gcás inarb infheidhme, aon chostas is iníoctha ag an tomhaltóir le nótaire ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(h) 

an oibleagáid, más ann, conradh seirbhíse coimhdí a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, i gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích an chonartha sin éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;

(i) 

i gcás inarb infheidhme, na hurraí a cheanglaítear;

(j) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an gcaoi a gcinnfear cúiteamh an chreidiúnaí i gcás aisíocaíocht luath;

(k) 

ceart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(6), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(l) 

ceart an tomhaltóra, mar a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, go soláthrófaí cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa dó nó di, arna iarraidh sin, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile agus saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí, tráth na hiarrata, toilteanach dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(m) 

i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú;

(n) 

i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(o) 

deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(p) 

rabhadh agus míniú maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh na ngealltanas eile atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa sonrach;

(q) 

sceideal aisíocaíochta ina bhfuil na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí le haghaidh aon seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a dhíoltar go comhuaineach, trína mbunaítear íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí, i gcás ina mbeidh feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, ar athruithe réasúnacha aníos ar an ráta iasachta.

I gcás ina ndéantar tagairt sa chomhaontú creidmheasa do thagarmharc mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), sonrófar ainm an tagarmhairc sin agus a riarthóra agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an tagarmharc sin ar an tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh a fhéadfar a chur i gceangal leis an bhfoirm maidir le Fáisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

Airteagal 10 6.
Beidh faisnéis a thaispeántar san fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra comhsheasmhach. Beidh sí inléite go soiléir agus cuirfear srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í san áireamh lena haghaidh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla, agus idir-inoibritheacht á cur san áireamh.

Aon fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an creidiúnaí a sholáthar don tomhaltóir, beidh sí inléite go soiléir agus tabharfar i ndoiciméad ar leithligh í, a fhéadfaidh a bheith i gceangal leis an bhfoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

Airteagal 10 7.
De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, i gcás cumarsáid ghuth-theileafónaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2002/65/CE, sa tuairisc ar phríomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais atá le soláthar de bhun Airteagal 3(3), pointe (b), an dara fleasc, den Treoir sin áireofar ar a laghad na nithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Sa chás sin, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach díreach tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.
Airteagal 10 8.
Arna iarraidh sin don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa, i dteannta na foirme maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra, cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí toilteanach, tráth na hiarrata, dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa leis an tomhaltóir.
Airteagal 10 9.
I gcás comhaontú creidmheasa faoin arb amhlaidh nach n-eascraíonn amúchadh comhfhreagrach láithreach ar an méid iomlán creidmheasa as íocaíochtaí a dhéanann an tomhaltóir, ach a úsáidtear na híocaíochtaí sin mar chaipiteal le linn tréimhsí agus faoi choinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa, nó i gcomhaontú coimhdeach, áireoidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 ráiteas soiléir agus gonta nach ndéantar foráil sna comhaontuithe creidmheasa sin maidir le ráthaíocht go n-aisíocfar an méid iomlán creidmheasa a tharraingítear anuas faoin gcomhaontú creidmheasa mura rud é go dtugtar an ráthaíocht sin go sainráite.
Airteagal 10 10.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthróirí earraí ná soláthraithe seirbhísí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an gcreidiúnaí, nó i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear san Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.