+Airteagal 12 Mínithe leordhóthanacha
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.

Airteagal 12 Mínithe leordhóthanacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa mínithe leordhóthanacha a sholáthar don tomhaltóir ar na comhaontuithe creidmheasa a bheartaítear agus aon seirbhísí coimhdeacha a fhágann gur féidir leis an tomhaltóir a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil na comhaontuithe creidmheasa a bheartaítear agus na seirbhísí coimhdeacha oiriúnaithe do riachtanais agus do staid airgeadais an tomhaltóra. Cuirfear mínithe den sórt sin ar fáil saor in aisce agus sula dtabharfar an comhaontú creidmheasa i gcrích. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna mínithe:

(a) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 38;

(b) 

saintréithe fíor-riachtanacha an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear;

(c) 

na héifeachtaí sonracha a fhéadfaidh a bheith ag an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear ar an tomhaltóir, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bheadh ann dá mainneodh an tomhaltóir san íocaíocht nó dá n-íocfadh sé go déanach;

(d) 

i gcás ina bhfuil seirbhísí coimhdeacha cuachta le comhaontú creidmheasa, cibé acu is féidir nó nach féidir gach comhpháirt den chuach a fhoirceannadh ar leithligh agus na hiarmhairtí a bheadh ann don tomhaltóir mar gheall ar an bhfoirceannadh sin.

Airteagal 12 2.

An ceanglas dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an mbealach atá na mínithe le tabhairt agus a mhéid atá siad le tabhairt, féadfaidh na Ballstáit é a oiriúnú, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, don mhéid seo a leanas:

(a) 

imthosca na staide ina dtairgtear an creidmheas;

(b) 

an duine dá dtairgtear an creidmheas;

(c) 

cineál an chreidmheasa a thairgtear.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.