+Airteagal 14 Cleachtais nasctha agus chuachta
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
|
Airteagal 14 Cleachtais nasctha agus chuachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Ceadóidh na Ballstáit cleachtais chuachta ach toirmiscfidh siad cleachtais nasctha.
|
|
Airteagal 14 2.
|
De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar do chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe a iarraidh ar an tomhaltóir cuntas íocaíochta nó coigiltis a oscailt nó a choinneáil ar bun, i gcás inar ceann díobh seo a leanas an t-aon chuspóir amháin atá leis an gcuntas sin:
(a)
caipiteal a charnadh chun an creidmheas a aisíoc;
(b)
an creidmheas a sheirbheáil;
(c)
acmhainní a thiomsú chun an creidmheas a fháil;
(d)
slándáil bhreise a sholáthar don chreidiúnaí i gcás mainneachtana.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe a cheangal ar an tomhaltóir polasaí árachais ábhartha a bheith aige a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, agus comaoineacha comhréireachta á gcur san áireamh. Sna cásanna sin, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí glacadh leis an bpolasaí árachais ó sholáthróir atá éagsúil lena sholáthróir tosaíochta nó lena soláthróir tosaíochta i gcás ina bhfuil leibhéal ráthaíochta an pholasaí árachais sin coibhéiseach leis an gceann atá molta ag an gcreidiúnaí, gan coinníollacha an chreidmheasa a thairgtear don tomhaltóir a mhodhnú.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Ceanglóidh na Ballstáit nach n-úsáidfear sonraí pearsanta a bhaineann le diagnóisí tomhaltóirí ar ghalair oinceolaíocha chun críche polasaí árachais a bhaineann le comhaontú creidmheasa tar éis tréimhse ama a chinnfidh na Ballstáit, ar tréimhse í nach faide ná 15 bliana tar éis dheireadh chóireáil leighis na dtomhaltóirí.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Ionas go mbeidh am breise ag tomhaltóirí tairiscintí árachais a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a chur i gcomparáid sula gceannóidh siad polasaí árachais dá dtagraítear i mír 3, ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfar 3 lá ar a laghad do thomhaltóirí chun tairiscintí árachais a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa a chur i gcomparáid le chéile gan tairiscintí den sórt sin a athrú, agus cuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoi sin. Féadfaidh tomhaltóirí polasaí árachais a thabhairt i gcrích roimh dhul in éag na tréimhse 3 lá sin má iarrann siad amhlaidh go sainráite.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|