+Airteagal 19 Bunachair Sonraí
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.

Airteagal 19 Bunachair Sonraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
I gcás creidmheas trasteorann, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag creidiúnaithe ó Bhallstáit eile ar bhunachair sonraí a úsáidtear sa Bhallstát sin chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a mheasúnú. Beidh na coinníollacha rochtana ar na bunachair sonraí sin neamh-idirdhealaitheach.
Airteagal 19 2.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh rochtain ach ag na creidiúnaithe sin atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil náisiúnta agus a chomhlíonann go hiomlán Rialachán (AE) 2016/679 ar na bunachair sonraí a úsáidtear chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a mheasúnú.
Airteagal 19 3.
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le bunachair sonraí phoiblí agus phríobháideacha araon.
Airteagal 19 4.
Na bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 ina bhfuil faisnéis maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, sealbhóidh siad ar a laghad faisnéis faoi riaráistí tomhaltóirí in aisíocaíocht an chreidmheasa, faoi chineál an chreidmheasa agus faoi chéannacht an chreidiúnaí.
Airteagal 19 5.
Ní dhéanfaidh creidiúnaithe ná idirghabhálaithe creidmheasa próiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ná ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil ó líonraí sóisialta a d’fhéadfadh a bheith sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 19 6.
I gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa ar bhonn bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas gan moill mhíchuí agus gan mhuirear maidir le toradh an cheadaithe sin agus maidir le mionsonraí an bhunachair sonraí a ceadaíodh chomh maith leis na catagóirí sonraí a cuireadh san áireamh.
Airteagal 19 7.

Chun críoch comhaontuithe creidmheasa, beidh próisis i bhfeidhm ag soláthraithe bunachar sonraí chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá ina mbunachair sonraí cothrom le dáta agus cruinn. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas:

(a) 

laistigh de 30 lá ón dáta a chláraítear aon riaráistí chun creidmheas a aisíoc i mbunachar sonraí; agus

(b) 

faoina gcearta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 19 8.
Chun críoch comhaontuithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta um ghearáin i bhfeidhm chun dúshláin tomhaltóirí maidir le hinneachar bunachar sonraí a éascú, lena n-áirítear faisnéis is féidir le tríú páirtithe a fháil trí na bunachair sonraí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.