+Airteagal 29 Aisíocaíocht luath
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
|
Airteagal 29 Aisíocaíocht luath
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tomhaltóir i dteideal aisíocaíocht luath tráth ar bith. Sna cásanna sin, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir ar feadh a bhfuil fágtha den chonradh. Le linn an laghdú sin a ríomh, déanfar na costais uile a fhorchuireann an creidiúnaí ar an tomhaltóir a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an creidiúnaí, i gcás aisíocaíocht luath, i dteideal cúiteamh, atá cóir agus a bhfuil údar oibiachtúil leis, a fháil as costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go díreach leis an aisíocaíocht luath, ar choinníoll go dtagann an aisíocaíocht luath laistigh de thréimhse ama a bhfuil an ráta iasachta socraithe ina leith. Ní féidir an cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith níos mó ná 1 % de mhéid an chreidmheasa atá faoi réir aisíocaíocht luath i gcás inar faide ná bliain amháin an tréimhse idir an aisíocaíocht luath agus dáta an fhoirceanta a comhaontaíodh ar an gcomhaontú creidmheasa. I gcás nach faide ná bliain amháin an tréimhse sin, ní bheidh an cúiteamh níos mó ná 0.5 % de mhéid an chreidmheasa atá faoi réir aisíocaíocht luath.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
rinneadh an aisíocaíocht faoi chonradh árachais a ceapadh chun ráthaíocht aisíocaíochta creidmheasa a sholáthar;
(b)
deonaítear an creidmheas i bhfoirm saoráid rótharraingthe;
(c)
tagann an aisíocaíocht laistigh de thréimhse nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ina leith.
|
|
Airteagal 29 4.
|
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
níl an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar an gcoinníoll gur mó méid na haisíocaíochta luaithe ná an tairseach a leagtar amach sa dlí náisiúnta, rud nach sáróidh EUR 10 000 laistigh d’aon tréimhse 12 mhí;
(b)
féadfaidh an creidiúnaí cúiteamh níos airde a éileamh go heisceachtúil más féidir leis an gcreidiúnaí a chruthú gur mó an caillteanas a fulaingíodh de dheasca aisíocaíocht luath ná an méid a cinneadh i gcomhréir le mír 2.
I gcás inar mó an cúiteamh a éilíonn an creidiúnaí ná an caillteanas a fulaingíodh iarbhír de dheasca na haisíocaíochta luaithe, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhfhreagrach.
Sa chás sin, is é a bheidh sa chaillteanas ná an difríocht idir an ráta iasachta a comhaontaíodh ar dtús agus an ráta úis ar ar féidir leis an gcreidiúnaí an méid atá faoi réir aisíocaíocht luath ar an margadh tráth na haisíocaíochta sin a thabhairt ar iasacht, agus cuirfear san áireamh ann tionchar na haisíocaíochta luaithe ar na costais riaracháin.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Ní bheidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4, pointe (b), in aon chás níos mó ná an méid úis a bheadh íoctha ag an tomhaltóir le linn na tréimhse ama idir an aisíocaíocht luath agus an dáta a comhaontaíodh le haghaidh fhoirceannadh an chomhaontaithe creidmheasa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|