|
+Airteagal 32 3. |
Airteagal 32 3.Áiritheoidh na Ballstáit, le linn beartais luacha saothair a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfoireann atá freagrach as measúnú acmhainneachta creidmheasa, go gcomhlíonfaidh creidiúnaithe na prionsabail seo a leanas ar bhealach agus a mhéid atá iomchuí maidir lena méid, lena n-eagrúchán inmheánach agus le cineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí:
(a)
tá an beartas luacha saothair comhsheasmhach le bainistíocht riosca stuama agus éifeachtach agus cuirtear an bhainistíocht sin chun cinn leis agus ní spreagtar glacadh riosca leis a sháraíonn an leibhéal riosca a nglacann an creidiúnaí leis;
(b)
tá an beartas luacha saothair i gcomhréir le straitéis ghnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha an chreidiúnaí, agus ionchorpraítear bearta ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, go háirithe trí fhoráil a dhéanamh nach bhfuil an luach saothair ag brath ar líon ná ar chion na n-iarratas ar chreidmheas a nglactar leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|