+Airteagal 32 Seoladh oibleagáidí gnó le linn creidmheas a sholáthar do thomhaltóirí
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.

Airteagal 32 Seoladh oibleagáidí gnó le linn creidmheas a sholáthar do thomhaltóirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.

Ceanglóidh na Ballstáit go ngníomhóidh an creidiúnaí agus an t-idirghabhálaí creidmheasa ar bhealach macánta, cóir, trédhearcach agus gairmiúil agus go gcuirfidh siad cearta agus leasanna na dtomhaltóirí san áireamh le linn aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

táirgí creidmheasa a mhonarú;

(b) 

fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8;

(c) 

creidmheas a dheonú nó a idirghabháil nó deonú creidmheasa a éascú;

(d) 

seirbhísí comhairleacha a chur ar fáil;

(e) 

seirbhísí coimhdeacha a sholáthar do thomhaltóirí;

(f) 

comhaontú creidmheasa a fhorghníomhú.

Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c) agus (d), bunaithe ar fhaisnéis maidir le himthosca an tomhaltóra agus aon cheanglas sonrach a chuireann tomhaltóir in iúl agus ar thoimhdí réasúnacha maidir le rioscaí do staid an tomhaltóra i rith fhad an chomhaontaithe creidmheasa.

Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), bunaithe freisin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 16(3), pointe (a).

Airteagal 32 2.
Maidir leis an mbealach a n-íocann creidiúnaithe luach saothair lena bhfoireann agus lena n-idirghabhálaithe creidmheasa agus maidir leis an mbealach a n-íocann idirghabhálaithe creidmheasa luach saothair lena bhfoireann, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear bac leo sin ar chomhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1.
Airteagal 32 3.

Áiritheoidh na Ballstáit, le linn beartais luacha saothair a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfoireann atá freagrach as measúnú acmhainneachta creidmheasa, go gcomhlíonfaidh creidiúnaithe na prionsabail seo a leanas ar bhealach agus a mhéid atá iomchuí maidir lena méid, lena n-eagrúchán inmheánach agus le cineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí:

(a) 

tá an beartas luacha saothair comhsheasmhach le bainistíocht riosca stuama agus éifeachtach agus cuirtear an bhainistíocht sin chun cinn leis agus ní spreagtar glacadh riosca leis a sháraíonn an leibhéal riosca a nglacann an creidiúnaí leis;

(b) 

tá an beartas luacha saothair i gcomhréir le straitéis ghnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha an chreidiúnaí, agus ionchorpraítear bearta ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, go háirithe trí fhoráil a dhéanamh nach bhfuil an luach saothair ag brath ar líon ná ar chion na n-iarratas ar chreidmheas a nglactar leo.

Airteagal 32 4.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthraíonn creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa seirbhísí comhairleacha, nach ndéantar dochar le struchtúr luacha saothair na foirne lena mbaineann dá gcumas gníomhú chun leas an tomhaltóra agus go háirithe nach bhfuil sé ag brath ar spriocanna díolacháin. Chun an sprioc sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit coimisiúin a íocann an creidiúnaí leis an idirghabhálaí creidmheasa a thoirmeasc freisin.
Airteagal 32 5.
Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc nó srianta a fhorchur ar íocaíochtaí ó thomhaltóir le creidiúnaí nó idirghabhálaí creidmheasa sula ndéanfar comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.