+Airteagal 41 Údaráis inniúla
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.
---+Airteagal 41 6.
---+Airteagal 41 7.
---+Airteagal 41 8.
---+Airteagal 41 9.
|
Airteagal 41 Údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta inniúla dá gcumhachtaítear chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú agus áiritheoidh siad go ndeonófar cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin dóibh chomh maith leis na hacmhainní leordhóthanacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach. Beidh na húdaráis ina n-údaráis phoiblí nó ina gcomhlachtaí a aithnítear leis an dlí náisiúnta nó a aithníonn údaráis phoiblí dá gcumhachtaítear go sainráite chun na críche sin leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh siad ina gcreidiúnaithe ná ina n-idirghabhálaithe creidmheasa.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis inniúla, na daoine uile a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le hiniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ó na húdaráis inniúla, go mbeidh siad faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhéadfaidh siad a fháil i gcúrsa a ndualgas a nochtadh d’aon duine ná d’aon údarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin Treoir seo. Ní chuirfidh sé sin cosc, áfach, ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 41 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh gur ceachtar de na nithe seo a leanas a bheidh sna húdaráis inniúla:
(a)
údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
); nó
(b)
údaráis seachas na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go gceanglaítear le dlíthe náisiúnta, le rialacháin náisiúnta nó le forálacha riaracháin ar na húdaráis sin dul i gcomhar leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a) aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh faoin Treoir seo.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na húdaráis inniúla na critéir a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2394.
|
|
Airteagal 41 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmniú na n-údarás inniúil agus faoi aon athrú air sin, agus, i gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ar a gcríoch, aon roinnt ar na dualgais faoi seach idir na húdaráis inniúla sin á léiriú. Déanfar an chéad fhógra sin a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoin 20 Samhain 2025.
|
|
Airteagal 41 6.
|
Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)
go díreach faoina n-údarás féin nó faoi mhaoirseacht na n-údarás breithiúnach; nó
(b)
trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí achomharc, mura mbeidh rath ar an iarratas chun an cinneadh is gá a dheonú.
|
|
Airteagal 41 7.
|
I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ar a gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go saineofar a ndualgais faoi seach go soiléir agus go rachaidh na húdaráis sin i ndlúthchomhar lena chéile ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhlíonadh go héifeachtach.
|
|
Airteagal 41 8.
|
Foilseoidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta an liosta sin go leanúnach ar a shuíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 41 9.
|
Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm chun cumhachtaí idirghabhála táirgí a dheonú d’údaráis inniúla náisiúnta chun táirgí creidmheasa a tharraingt siar i gcásanna ina bhfuil bonn cirt leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|