|
+Airteagal 18a 2. |
Airteagal 18a 2.I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis atá faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme, beart maolaithe breise amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm do dhaoine agus d’eintitis dhlíthiúla a dhéanann idirbhearta a bhfuil baint ag tríú tíortha atá sainaitheanta de bhun Airteagal 9(2) leo. Is éard a bheidh sna bearta sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
gnéithe breise de bhearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm;
(b)
sásraí tuairiscithe ábhartha feabhsaithe nó tuairisciú córasach idirbheart airgeadais a thabhairt isteach;
(c)
teorainn a chur le gaolmhaireachtaí gnó nó le hidirbhearta le daoine nádúrtha nó le heintitis dhlíthiúla ó thríú tíortha a shainaithnítear mar thíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|