+Airteagal 18a
---+Airteagal 18a 1.
---+Airteagal 18a 2.
---+Airteagal 18a 3.
---+Airteagal 18a 4.
---+Airteagal 18a 5.
|
Airteagal 18a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18a 1.
|
Maidir le gaolmhaireacht ghnó nó idirbhearta lena mbaineann tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2), ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis faoi oibleagáid na bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a)
faisnéis bhreise a fháil faoin gcustaiméir agus faoin úinéir tairbhiúil/faoi na húinéirí tairbhiúla;
(b)
faisnéis bhreise a fháil maidir le cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó;
(c)
faisnéis a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil/na n-úinéirí tairbhiúla;
(d)
faisnéis a fháil faoi na cúiseanna atá leis na hidirbhearta beartaithe nó comhlíonta;
(e)
faomhadh an lucht bainistíochta sinsearaí a fháil chun an ghaolmhaireacht ghnó a bhunú nó leanúint leis;
(f)
faireachán feabhsaithe ar an ngaolmhaireacht ghnó a dhéanamh trí mhéadú a dhéanamh ar líon agus ar uainiú na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus rogha a dhéanamh faoi phatrúin idirbheart is gá a scrúdú tuilleadh.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis atá faoi oibleagáid chun a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid chreidmheasa faoi réir chaighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn arna leagan síos sa Treoir seo.
|
|
Airteagal 18a 2.
|
I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis atá faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme, beart maolaithe breise amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm do dhaoine agus d’eintitis dhlíthiúla a dhéanann idirbhearta a bhfuil baint ag tríú tíortha atá sainaitheanta de bhun Airteagal 9(2) leo. Is éard a bheidh sna bearta sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
gnéithe breise de bhearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm;
(b)
sásraí tuairiscithe ábhartha feabhsaithe nó tuairisciú córasach idirbheart airgeadais a thabhairt isteach;
(c)
teorainn a chur le gaolmhaireachtaí gnó nó le hidirbhearta le daoine nádúrtha nó le heintitis dhlíthiúla ó thríú tíortha a shainaithnítear mar thíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2).
|
|
Airteagal 18a 3.
|
I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm i dtaca le tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais:
(a)
diultú fochuideachtaí nó brainsí nó oifigí ionadaíocha d’institiúidí airgeadais eintiteas faoi oibleagáid ón tír lena mbaineann a bhunú, nó go gcuirfí san áireamh ar shlí eile gur as tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici an t-eintiteas faoi oibleagáid ábhartha;
(b)
toirmeasc a chur ar eintitis faoi oibleagáid brainsí nó oifigí ionadaíocha a bhunú sa tír lena mbaineann, nó go gcuirfí san áireamh ar shlí eile gur i dtír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici a bheadh an brainse ábhartha nó an oifig ionadaíoch;
(c)
scrúdú maoirseachta méadaithe nó ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do bhrainsí agus d’fhochuideachtaí eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe sa tír lena mbaineann;
(d)
ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe do ghrúpaí airgeadais maidir le haon cheann dá gcuid brainsí nó fochuideachtaí atá lonnaithe sa tír lena mbaineann.
(e)
a cheangal ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí freagróra sa tír lena mbaineann, nó más gá sin, iad a fhoirceannadh;
|
|
Airteagal 18a 4.
|
Le linn do na Ballstáit na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, de réir mar is iomchuí, meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu maidir le sciúradh airgid a chosc agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair.
|
|
Airteagal 18a 5.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún sula ndéanfaidh siad na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|