|
+Airteagal 19a 1. |
Airteagal 19a 1.Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a mheasúnú i ndáil le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó ar de thionscnamh seolta fhéinóstáilte iad. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí sainaitheanta. Ar na bearta maolaitheacha sin, áireofar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(a)
bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trí spleáchas ar thríú páirtithe;
(b)
faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní arna n-aistriú;
(c)
faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar na hidirbhearta sin;
(d)
aon bheart eile chun na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú agus a bhainistiú chomh maith leis an riosca nach gcuirfear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme agus go seachnófar iad agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|