+Article 30
---+Article 30 1.
---+Article 30 2.
---+Article 30 3.
---+Article 30 4.
---+Article 30 5.
---+Article 30 5a.
---+Article 30 6.
---+Article 30 7.
---+Article 30 8.
---+Article 30 9.
---+Article 30 10.

Article 30

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 30 1.
►M1  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglas ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile arna n-ionchorprú ina gcríoch faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí maidir le leasanna tairbhiúla a shealbhaítear, a fháil agus a shealbhú. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear sáruithe ar an Airteagal seo faoi réir bearta nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha. ◄

Member States shall ensure that those entities are required to provide, in addition to information about their legal owner, information on the beneficial owner to obliged entities when the obliged entities are taking customer due diligence measures in accordance with Chapter II.

Úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach nó eintiteas dlíthiúil eile, lena n-áirítear trí sciaranna, cearta vótala, leas úinéireachta, trí scairshealbhaíochtaí iompróra nó trí rialú trí mheáin eile, ceanglóidh na Ballstáit orthu go dtabharfaidh siad do na heintitis sin an fhaisnéis uile is gá chun go ndéanfaidh an t-eintiteas corparáideach nó an t-eintiteas dlíthiúil eile na ceanglais atá sa chéad fhomhír a chomhlíonadh.

Article 30 2.
Member States shall require that the information referred to in paragraph 1 can be accessed in a timely manner by competent authorities and FIUs.
Article 30 3.
Member States shall ensure that the information referred to in paragraph 1 is held in a central register in each Member State, for example a commercial register, companies register as referred to in Article 3 of Directive 2009/101/EC of the European Parliament and of the Council ( 19 ), or a public register. Member States shall notify to the Commission the characteristics of those national mechanisms. The information on beneficial ownership contained in that database may be collected in accordance with national systems.
Article 30 4.
Ceanglóidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá sa chlár lárnach dá dtagraítear i mír 3 leormhaith, cruinn agus reatha, agus cuirfidh siad sásraí ar bun chun na críche sin. Áireofar ar shásraí den sórt sin ceanglas a chur ar eintitis faoi oibleagáid agus, más iomchuí agus a mhéid nach gcuirfidh an ceanglas seo isteach gan ghá ar a bhfeidhmeanna, ar údaráis inniúla tuairisc a dhéanamh ar aon neamhréitigh a fhaigheann siad idir an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá ar fáil dóibh. I gcás neamhréitigh thuairiscithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta iomchuí chun na neamhréitigh a réiteach go tráthúil agus más iomchuí, go n-áireofar tagairt shonrach dóibh sa chlár lárnach idir an dá linn.
Article 30 5.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis maidir leis an úinéireacht thairbhiúil inrochtana i ngach cás:

(a) 

údaráis inniúla agus FIUnna, gan aon srian;

(b) 

eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú dícheall cuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil II;

(c) 

aon duine nó eagraíocht ar féidir leis leas dlisteanach a thaispeáint.

Ceadófar do na daoine nó do na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír rochtain a fháil ar a laghad ar ainm, mí agus bliain bhreithe agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.

Féadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha a chinnfear leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le rochtain ar fhaisnéis bhreise lena gcumasófar an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Áireofar ar an bhfaisnéis bhreise sin ar a laghad an dáta breithe nó na sonraí teagmhála i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí.

Article 30 5a.
Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh an fhaisnéis atá ina gcláir lárnacha dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil ar choinníoll clárú ar líne agus táille a íoc, ar táille é nach mó ná na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur ar fáil, lena n-áirítear costais chothabhála agus forbartha an chláir.
Article 30 6.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain thráthúil agus neamhshrianta ag údaráis inniúla agus ag FIUnna ar an bhfaisnéis go léir atá sa chlár lárnach dá dtagraítear i mír 3 gan aon srian agus gan an t-eintiteas lena mbaineann a chur san airdeall. Ceadóidh na Ballstáit freisin rochtain thráthúil ag eintitis faoi oibleagáid agus bearta díchill chuí do chustaiméirí á nglacadh acu i gcomhréir le Caibidil II.

Údaráis inniúla dá ndeonófar rochtain ar an gclár lárnach dá dtagraítear i mír 3, is é a bheidh iontu na húdaráis phoiblí sin ag a mbeidh freagrachtaí ainmnithe don chomhrac i gcoinne sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le húdaráis chánach, maoirseoirí ar eintitis faoi oibleagáid agus údaráis a bhfuil feidhm acu sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, sócmhainní coiriúla a rianú agus a urghabháil nó a chalcadh agus a choigistiú.

Article 30 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla agus FIUnna in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chur ar fáil d’údaráis inniúla agus do FIUnna na mBallstát eile go tráthúil agus saor in aisce.
Article 30 8.
Member States shall require that obliged entities do not rely exclusively on the central register referred to in paragraph 3 to fulfil their customer due diligence requirements in accordance with Chapter II. Those requirements shall be fulfilled by using a risk-based approach.
Article 30 9.
In imthosca eisceachtúla a bheidh le leagan síos sa dlí náisiúnta, más rud é go ndéanfadh an rochtain dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 5 an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin, nó imeaglaithe, nó más rud é gur mionaoiseach an t-úinéir nó go bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí de, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúine ón rochtain sin ar an bhfaisnéis go léir nó cuid di i dtaca leis an úinéireacht thairbhiúil ar bhonn cás ar chás. Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar na díolúintí seo ar athbhreithniú mionsonraithe ar chineál eisceachtúil na gcúinsí. Déanfar na cearta chun athbhreithniú riaracháin ar an gcinneadh díolúine agus ar leigheas breithiúnach éifeachtach a ráthú. Ballstát a bhfuil díolúintí deonaithe aige, foilseoidh sé sonraí staitistiúla bliantúla maidir le líon na ndíolúintí a deonaíodh agus na cúiseanna a luadh agus déanfaidh siad na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún.

Ní bheidh feidhm ag díolúintí a dheonófar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, ná maidir leis na heintitis faoi oibleagáid amhail dá dtagraítear i bpointe 3(b) d’Airteagal 2(1) arb oifigigh phoiblí iad.

Article 30 10.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cláir lárnacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo idirnasctha tríd an Ardán Lárnach Eorpach arna bhunú ag Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ). Déanfar naisc chláir lárnacha na mBallstát leis an ardán a chur ar bun i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta arna mbunú ag gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2017/1132 agus le hAirteagal 31a den Treoir seo.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár arna bhunú le hAirteagal 22(1) de Threoir 2017/1132, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta na mBallstát lena gcuirtear mír 5, mír 5a agus mír 6 den Airteagal seo chun feidhme.

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil trí na cláir náisiúnta agus trí chóras idirnasctha na gclár ar feadh 5 bliana ar a laghad agus tráth nach faide ná 10 mbliana tar éis an t-eintiteas corparáideach nó eintiteas dlíthiúil eile a bheith bainte den chlár. Comhoibreoidh na Ballstáit eatarthu féin agus leis an gCoimisiún chun na cineálacha éagsúla rochtana a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.