|
+Article 31 4. |
Article 31 4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhais nó socraithe dhlíthiúil chomhchosúil i gcónaí ag:
(a)
údaráis inniúla agus FIUnna, gan aon srian;
(b)
eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú díchill chuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil II;
(c)
aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar féidir leis leas dlisteanach a léiriú maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil. Is é a bheidh san fhaisnéis a bheidh inrochtana do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ainm, mí agus bliain bhreithe agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil, chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear. Féadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha a chinnfear leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis bhreise lena gcumasófar an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Áireofar san fhaisnéis bhreise sin ar a laghad an dáta breithe nó sonraí teagmhála, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí. Féadfaidh na Ballstáit rochtain níos leithne ar an bhfaisnéis a shealbhaítear sa chlár i gcomhréir lena ndlí náisiúnta a cheadú. Údaráis inniúla dá ndeonófar rochtain ar an gclár lárnach dá dtagraítear i mír 3a, is é a bheidh iontu na húdaráis phoiblí sin ag a mbeidh freagrachtaí ainmnithe don chomhrac i gcoinne sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le húdaráis chánach, maoirseoirí ar eintitis faoi oibleagáid agus údaráis a bhfuil feidhm acu sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, sócmhainní coiriúla a rianú, agus a urghabháil nó a chalcadh agus a choigistiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|