+Article 31
---+Article 31 1.
---+Article 31 2.
---+Article 31 3.
---+Article 31 3a.
---+Article 31 4.
---+Article 31 4a.
---+Article 31 5.
---+Article 31 6.
---+Article 31 7.
---+Article 31 7a.
---+Article 31 9.
---+Article 31 10.

Article 31

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 31 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiontaobhais agus cineálacha eile comhshocruithe dlíthiúla amhail, inter alia, fiducie, cineálacha áirithe Treuhand nó fideicomiso, i gcás ina bhfuil struchtúr nó feidhmeanna atá comhchosúil le hiontaobhais ag na comhshocruithe sin. Sainaithneoidh na Ballstáit na saintréithe chun a chinneadh an bhfuil struchtúr nó feidhmeanna ag comhshocruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais i dtaca le comhshocruithe dlíthiúla den sórt sin a rialaítear faoina ndlí.

Ceanglóidh gach Ballstát go ndéanfaidh iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite a bheidh á riar sa Bhallstát sin faisnéis leordhóthanach, chruinn agus chothrom le dáta a fháil agus a shealbhú maidir leis an úinéireacht thairbhiúil i leith an iontaobhais. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin aitheantas:

(a) 

an tsocraitheora (na socraitheoirí);

(b) 

an iontaobhaí (na n-iontaobhaithe);

(c) 

an chosantóra (na gcosantóirí) (más ann dóibh);

(d) 

na dtairbheoirí nó aicme na dtairbheoirí;

(e) 

aon duine nádúrtha eile a bhfuil rialú éifeachtach ar an iontaobhas á fheidhmiú aige.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar an Airteagal seo faoi réir bearta nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha.

Article 31 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh iontaobhaithe nó daoine ag a bhfuil poist choibhéiseacha i gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla amhail na cinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a stádas a nochtadh agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil d’eintitis faoi oibleagáid go tráthúil, más rud é, mar iontaobhaí nó mar dhuine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil, go ndéanfaidh siad gaolmhaireacht ghnó, nó go ndéanfaidh siad idirbheart ó am go chéile os cionn na dtairseach a leagtar amach i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 11.
Article 31 3.
Member States shall require that the information referred to in paragraph 1 can be accessed in a timely manner by competent authorities and FIUs.
Article 31 3a.
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas sainráite agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla amhail dá dtagraítear i mír 1 a choimeád i gclár lárnach le haghaidh úinéireacht thairbhiúil arna chur ar bun ag an mBallstát san áit ina bhfuil iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó ina bhfuil cónaí air nó uirthi.

Más rud é go bhfuil an áit ina bhfuil iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó ina bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas, coimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear i gclár lárnach arna bhunú ag an mBallstát i gcás ina dtéann an t-iontaobhaí nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil isteach i ngaolmhaireacht ghnó nó nuair a gheobhaidh sé eastát réadach in ainm an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil.

Más rud é gur i mBallstáit éagsúla atá iontaobhaithe an iontaobhais nó na daoine ag a bhfuil poist choibhéiseacha i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu, nó más rud é gur i mBallstáit éagsúla a théann iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil isteach i ngaolmhaireachtaí gnó iolracha in ainm an iontaobhaithe nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil, féadfar a mheas gur leor deimhniú um chruthúnas ar chlárú nó sliocht as an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna shealbhú ar chlár ag Ballstáit amháin chun an oibleagáid maidir le clárú a chomhlíonadh.

Article 31 4.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhais nó socraithe dhlíthiúil chomhchosúil i gcónaí ag:

(a) 

údaráis inniúla agus FIUnna, gan aon srian;

(b) 

eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú díchill chuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil II;

(c) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar féidir leis leas dlisteanach a léiriú maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

Is é a bheidh san fhaisnéis a bheidh inrochtana do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ainm, mí agus bliain bhreithe agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil, chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.

Féadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha a chinnfear leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis bhreise lena gcumasófar an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Áireofar san fhaisnéis bhreise sin ar a laghad an dáta breithe nó sonraí teagmhála, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí. Féadfaidh na Ballstáit rochtain níos leithne ar an bhfaisnéis a shealbhaítear sa chlár i gcomhréir lena ndlí náisiúnta a cheadú.

Údaráis inniúla dá ndeonófar rochtain ar an gclár lárnach dá dtagraítear i mír 3a, is é a bheidh iontu na húdaráis phoiblí sin ag a mbeidh freagrachtaí ainmnithe don chomhrac i gcoinne sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le húdaráis chánach, maoirseoirí ar eintitis faoi oibleagáid agus údaráis a bhfuil feidhm acu sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, sócmhainní coiriúla a rianú, agus a urghabháil nó a chalcadh agus a choigistiú.

Article 31 4a.
Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis a choinnítear ina gcláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 3a a chur ar fáil ar choinníoll go ndéantar clárú ar líne agus táille a íoc, nach mó ná na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéís a chur ar fáil, lena n-airítear costais chothabhála agus forbairtí ar an gclár.
Article 31 5.
Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis a shealbhaítear sa chlár lárnach dá dtagraítear i mír 3a leormhaith, cruinn agus reatha, agus cuirfidh siad sásraí ar bun chun na críche sin. Áireofar ar shásraí den sórt sin ceanglas a chur ar eintitis faoi oibleagáid agus, más iomchuí agus a mhéid nach gcuirfidh an ceanglas sin isteach gan chúis ar a bhfeidhmeanna, é a chur ar údaráis inniúla tuairisc a dhéanamh ar aon neamhréitigh a fhaigheann siad idir an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá ar fáil dóibh. I gcás neamhréitigh thuairiscithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta iomchuí chun na neamhréitigh a réiteach go tráthúil agus más iomchuí, go n-áireofar tagairt shonrach dóibh sa chlár lárnach idir an dá linn.
Article 31 6.
Member States shall ensure that obliged entities do not rely exclusively on the central register referred to in paragraph 4 to fulfil their customer due diligence requirements as laid down in Chapter II. Those requirements shall be fulfilled by using a risk-based approach.
Article 31 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla agus FIUnna in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a sholáthar d’údaráis inniúla agus do FIUnna na mBallstát eile go tráthúil agus saor in aisce.
Article 31 7a.
In imthosca eisceachtúla a bheidh le leagan síos sa dlí náisiúnta, más rud é go ndéanfadh an rochtain dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin, nó imeaglaithe, nó más rud é gur mionaoiseach an t-úinéir nó go bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí de, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúine ón rochtain sin ar an bhfaisnéis go léir nó ar chuid di maidir leis an úinéireacht thairbhiúil ar bhonn cás ar chás. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar díolúintí den sórt sin ar mheastóireacht mhionsonraithe ar chineál eisceachtúil na gcúinsí. Déanfar na cearta chun athbhreithniú riaracháin ar an gcinneadh maidir le díolúine agus ar leigheas breithiúnach éifeachtach a ráthú. Ballstát a bhfuil díolúintí deonaithe aige, foilseoidh sé sonraí staitistiúla bliantúla maidir le líon na ndíolúintí a deonaíodh agus na cúiseanna a luadh agus déanfaidh siad na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún.

Ní bheidh feidhm ag díolúintí a dheonófar de bhun na chéad fhomhíre seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais agus maidir le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i bpointe 3(b) d’Airteagal 2(1) arb oifigigh phoiblí iad.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát díolúine a bhunú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ní chuirfidh sé srian le húdaráis inniúla agus le FIUnna rochtain a bheith acu ar fhaisnéis.

Article 31 9.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cláir lárnacha dá dtagraítear i mír 3a den Airteagal seo idirnasctha tríd an Ardán Lárnach Eorpach arna bhunú ag Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132. Déanfar naisc chláir lárnacha na mBallstát leis an ardán a chur ar bun i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta arna mbunú ag gníomhartha cur chun feidhme a ghlacann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir seo agus le hAirteagal 31a de Threoir (AE) 2017/1132.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár arna bhunú ag Airteagal 22(2) de Threoir (AE) 2017/1132, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta na mBallstát lena gcuirtear mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo chun feidhme.

Déanfaidh na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, agus an fhaisnéis sin amháin, atá cothrom le dáta agus a fhreagraíonn d’úinéireacht thairbhiúil iarbhír a chur ar fáil trína gcláir náisiúnta agus trí chóras idirnasctha na gclár, agus go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí.

Cuirfidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil trí na cláir náisiúnta agus trí chóras idirnasctha na gclár ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad agus nach faide ná 10 mbliana tar éis do na forais leis an bhfaisnéis maidir le húineireacht thairbhiúil dá dtagraítear i mír 3a scor de bheith ann. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun na cineálacha rochtana éagsula a chur chun feidhme i gcomhréir le mír4 agus mír 4a.

Article 31 10.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na catagóirí, faoi chur síos ar na tréithe, faoi na hainmneacha agus, i gcás inarb infheidhme, faoi bhunús dlí na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla dá dtagraítear i mír 1 faoin 10 Iúil 2019. Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla den sórt sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 10 Meán Fómhair 2019.

Faoin 26 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina measúnófar an ndearnadh na hiontaobhais uile agus na comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla uile dá dtagraítear mír 1 a rialaítear faoi dhlí na mBallstát a shainaithint go cuí agus a chur faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo. I gcás inarb iomchuí, glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun gníomhú i leith thorthaí na tuarascála sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.